Tá cáineadh géar déanta ag Tom Hand ar Rialtas na hÉireann as an aitheantas atá tugtha ag an stát seo go Stát na Pailistíne.
Fuadaíodh iníon le Tom Hand, Emily Hand, le linn ionsaithe Hamas ar Iosrael ar 7 Deireadh Fómhair.
Tá saoránacht na hÉireann agus Iosrael ag Emily Hand. Coimeádadh í i nGaza ar feadh caoga lá sular scaoileadh saor í.
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Tom Hand. Deir sé go raibh baint mhór ag Rialtas na hÉireann le saoradh Emily. Ach, a deir sé, bhronn Rialtas na hÉireann duais ar Hamas as sceimhlitheoireacht nuair thug siad aitheantas do Stát na Pailistíne.
"Bhíos i gcónaí an-bhródúil as a bheith i m'Éireannach", a deir an tUasal Hand. "Bhínn i gcónaí ag maíomh as a bheith i m’Éireannach. Ach nílim bródúil níos mó. Cuireann sé náire orm anois."
"Bhí baint mhór ag na húdaráis in Éirinn le Emily a thabhairt ar ais dom. Tuigeann siad chomh holc is atá Hamas. Tá an fhianaise feicthe acu. Agus anois, tá duais bronnta ag Rialtas na hÉireann ar Hamas as an bhforéigean sin."
Thug Éire, an Iorua agus an Spáinn aitheantas an mhí seo caite do Stát na Pailistíne. Dúirt an Taoiseach Simon Harris ag an am gur beartas polaitiúil luachmhar agus cumhachtach a bhí ann.
Is comhartha é go n-aithníonn an tír seo gur stát ceannasach agus neamhspleách é Stát na Pailistíne. Déanfar caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus Ramallah a fhorbairt.
"Léiríonn beartas na hÉireann, na hIorua agus na Spáinne go dtacaíonn siad le Hamas", a dúirt Tom Hand. "Tá sé éagórach agus mícheart."
Deir an tUasal Hand gur údar dóchais dó is ea é an dul chun cinn atá déanta ag a iníon. "Sílim go bhfuil teacht aniar iomlán i ndán di", a dúirt sé.