Tá fear le tabhairt os comhair cúirte inniu maidir le hionsaí tromchúiseach a dhéanamh ar fhear as an gCróit, Josip Strok, a fuair bás i ndiaidh an ionsaithe.
Tharla an eachtra i gCluain Dolcáin in iarthar Bhaile Átha Cliath ar 30 Márta. Baineadh gortuithe tromchúiseacha do chloigeann Josip Strok agus tógadh é go dtí an t-ospidéal. Fuair sé bás ansin ar 3 Aibreán.
Líomhnaítear gur gortaíodh cara le Josip Strok, David Družinec, 28, le linn na heachtra céanna.
Tabharfar an fear sna daichidí os comhair na Príomhchúirte Coiriúla iarnóin inniu.
cúpla mí ó shin
I mí Aibreáin, bhí beirt fhear eile os comhair cúirte maidir leis an eachtra. Bhí Connor Rafferty - atá 19 bliain d'aois agus a bhfuil seoladh aige ar Chlós Ghráinseach an Chaisleáin i gCluain Dolcáin - agus Anthony Delappe - atá 18 bliain d’aois agus a bhfuil seoladh aige ar Ascaill Mhaolrosa i gCluain Dolcáin - os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir tar éis dóibh a bheith cúisithe maidir le Josip Strok a dhúnmharú agus maidir le hionsaí a dhéanamh ar David Družinec.