skip to main content

Fear ar iarraidh san uisce amach ó Chósta Charna

Chuaigh an fear ar iarraidh amach ó Chósta Oileán Mhic Dara i gConamara
Chuaigh an fear ar iarraidh amach ó Chósta Oileán Mhic Dara i gConamara

Tá cuardach mór ar bun amach ó Oileán Mhic Dara, i gCarna, Contae na Gaillimhe, tar éis do na seirbhísí éigeandála tuairisc a fháil go ndeachaigh fear ar iarraidh san fharraige ansin.

Chuathas i mbun cuardaigh aréir agus cuireadh tús leis an oibríocht arís ag breacadh an lae.

Tá Garda Cósta na hÉireann, Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála, an RNLI, agus iascairí áitiúla ag glacadh páirte sa gcuardach.

Is oibríocht dhúshlánach í, de bharr na ngaoth aniar aneas.

Tuigtear gur ag iarraidh dingí a bhí ag imeacht le sruth amach san fharraige a bhí an fear nuair a d'imigh sé ar iarraidh san uisce. Bhí sé féin agus a bhean chéile díreach tagtha i dtír tar éis dóibh a bheith ag seoltóireacht.