Tá daoine ar fud na tíre ag caitheamh vóta inniu sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha.
I Luimneach tá an pobal ag roghnú méara freisin. Seo í an chéad uair sa tír seo a thoghfaidh pobal a mhéara féin go díreach; de ghnáth, roghnaíonn comhairleoirí an té a bheas mar mhéara ar chomhairle áitiúil.
Tuairiscítear go bhfuil tús mall curtha le vótáil.
Osclaíodh na hionaid vótála ar 07:00 agus dúnfar iad ar 22:00.
Seo é an chéad uair go raibh toghcháin ar siúl ar fud na tíre le ceithre bliana anuas.
Tá breis agus 3.7 milliún duine cláraithe le vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla.
949 iarrthóir atá ag seasamh sna toghcháin áitiúla, i 166 toghcheantair dhifiriúla.
Tá 3.6 milliún duine cláraithe le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha.
Roghnóidh siad 14 Feisire Eorpach i dToghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt, An Deiscirt agus Baile Átha Cliath.
Chaith Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, agus a bhean chéile, Sabina, vóta ar maidin san ionad vótála ag Páirc an Fhionnuisce.
ar maidin
Chaith an Taoiseach, Simon Harris, vóta ag Scoil Náisiúnta Deilgne Mocheróg i gContae Chill Mhantáin.
"Tugann cearta vótála cead cainte don phobal, agus mar sin, tá sé ríthábhachtach go dtapóidh daoine an deis sin", a dúirt sé agus é ag caitheamh vóta ina Dháilcheantar féin.
"Tá an t-ádh linn cónaí a bheith orainn i stát Daonlathach atá ag feidhmiú".
Chaith an Tánaiste Micheál Martin agus a theaghlach a vótaí i gCorcaigh.
Osclófar na boscaí ballóide maidin amárach agus cuirfear tús leis an gcomháireamh. Déanfar comháireamh ar na vótaí sna toghcháin áitiúla ar dtús agus cuirfear tús leis an gcomháireamh sna toghcháin Eorpacha ar an Domhnach.
Rachfar i ngleic leis an toghchán méarachta i Luimneach dé Luain.
Tá go leor iarrthóirí ag seasamh sna toghcháin ar fad. Mar sin, táthar ag súil nach mbeidh na comháirimh curtha i gcrích go ceann roinnt mhaith laethanta.