Tá fiosrúchán faoi ionsaí Iosraelach ar scoil i nGaza á lorg ag Josep Borrell, ceannasaí polasaí eachtrach an Aontais Eorpaigh, tar éis do lucht leighis á rá gur maraíodh ar a laghad 40 duine sa ruathar ar an scoil a bhí faoi stiúr na Náisiún Aontaithe.
Ar X a nocht Borrell a thuairim gurb é an foréigean agus an fhulaingt an t-aon saol atá ag na céadta míle sibhialtach neamhurchóideacha, agus gur cheart an fíor-dhrochscéal seo a iniúchadh.
'Aerionsaí dírithe ar sprioc' a thug Iosrael ar an eachtra, ag maíomh go raibh suas le 30 saighdiúir de chuid Hamas istigh sa scoil. Deir Hamas gur maraíodh 40 duine, mná agus páistí ina measc, a bhí ar foscadh san ionad.
Tháinig an t-ionsaí tráth a bhí cainteanna íogair ar bun faoi chos cogaidh a d'fheicfeadh gialla á scaoileadh ag Hamas agus Pailistínigh á saoradh as príosúin in Iosrael.
D'eisigh na Stáit Aontaithe agus roinnt tíortha eile ráiteas ag tathant ar Iosrael agus ar Hamas cibé comhghéilleadh is gá a dhéánamh le socrú a dhaingniú tar éis chogadh 8 mí i nGaza.
Dhiúltaigh urlabhraithe rialtais Gaza liamhaint Iosrael gur ionad de chuid Hamas a bhí i scoil na Náisiún Aontaithe i Nuseirat, agus gur leithscéal a bhí ó Iosrael chun an t-ionsaí a dhéanamh.
Chaith Iosrael amhras ar fhigiúirí na marbh más iad Hamas a bhí á n-eisiúint a dúirt urlabhraí an IDF.
Dúirt ceannaire UNWRA, an ghníomhaireacht um theifigh sa Phailistín, gur sárú follasach ag an dlí Idirnáisiúnta é ionsaithe míleata ar fhoirgnimh de chuid na Náisiún Aontaithe.
Thosaigh an cogadh nuair a rinne Hamas ionsaí ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair a mharaigh 1,194 duine, sibhialtaigh a bhformhór agus a chonaic thart ar 250 duine bheith tógtha ina ngialla.
Tá 36,654 duine maraithe ó shin ag Iosrael ina chogaidh díoltais i nGaza, dar le roinn sláinte na hiamhchríche.