Inniu an lá deireanach de thréimhse príosúnachta Molly Martens Corbett agus Tom Martens sna Stáit Aontaithe, agus an daorbhreith a cuireadh orthu as as Jason Corbett a dhúnorgain tagtha chun deiridh.
Scaoileadh saor Molly Martens as príosún na mban i Raleigh ag am lóin am na hÉireann agus thug lucht promhaidh ar shiúl í i gcarr dá gcuid.
Dhá uair a chloig níos déanaí, bhailigh daoine gaolta le Tom Martens, a hathair, ag Príosún Caldwell é agus thug leo é. I Knoxville Tennessee atá cónaí ar Tom Martens agus beidh sé faoi réir ag an tseirbhís promhaidh go ceann bliana.
Tháinig an bheirt ar shocrú le hionchúisitheoirí i gCarolina Thuaidh an fómhar seo caite, socrú faoinar ghlac siad le cúísimh dúnorgain in áit an chúisimh dhúnmharaithe a bhí curtha ina leith ar dtús.
Maraíodh Jason Corbett, fear gnó as Luimneach a bhí 39 mblaina d'aois, i gCarolina Thuaidh mí Lúnasa 2015. Fuair seirbhísí éigeandála é básaithe tar éis bheith buailte le bata baseball agus bríce.
I 2017, ciontaíodh bean chéíle Jason, Molly Martens Corbett agus a hathair siúd Tom Martens, ina dhúnmharú ach cuireadh an ciontú sin ar neamhní tar éis achomhairc.
Scaoileadh saor ar bannai iad go mbeadh atriail curtha ar bun.
Ach rinneadh an socrú pléadála, agus mí na Samhna anuraidh gearradh 4 bhliana agus 3 mhí orthu as dúnorgain Jason Corbett. De bharr an ama a bhí caite acu cheana sa bpríosún, measadh ag an am gur thar ar 7 mí a chaithfidís faoi coinneáil.
Tá a ndíomá le himeachtaí an lae inniu curtha in iúl ag muintir Jason Corbett i Luimneach. Dúírt an teaghlach i ráiteas le RTÉ go bhfuil Tom Martens agus Molly Martens Corbett freagrach as marú 'brúidíúíl agus éigiallda' Jason, agus as a bheirt pháístí a fhágáil ina ndílleachtaí.
Tugadh drugaí do Jason agus bualadh é le bata baseball agus bríce nuair nár fhéad sé é féin a chosaint, agus tráth a d'fhág Molly agus Tom Martens an seomra gan mharc orthu, a deir an ráiteas.
Ina theannta sin, cuireann an ráiteas i leith an bheirt Marten gur fhéach siad le clú Jason a mhilleadh agus a pháistí a úsáid in iarracht a bhfreagacht as a bhás a sheachaint.
Molann an ráiteas an bheirt pháistí a d'fhág Jason ina dhiaidh, agus deir go mbeadh sé an-bhródúil astu anois.
Chas Jason Corbett ar Molly Martens ar dtús nuair a tháinig sí go hÉirinn le haire a thabhairt dá bheirt pháístí tar éis dá chéad bhean chéile bás a fháil.
Phós an bheirt agus bhog chuig na Stáit Aontaithe, ag cur futhu taobh amuigh de Lexington, Carolina Thuaidh gar d'ionad oibre Jason.
D'ordaigh an breitheamh David Hall anuraidh go ndéanfaidh measúnú siceolaíochta agus siciactreach ar Molly Martens fad a bheadh sí i bpríosún. Ní fios cén toradh a bhí air sin.
Beidh an bheirt faoi réir monatóireacht na seirbhísí promhaidh ar feadh bliana, agus cé nach gcaithfidh siad fanacht sa Stát, ní féidir leo cónaí sa seoladh céanna.