skip to main content

Ciorrú 0.25% ar rátaí úis Bhanc Ceannais na hEorpa

Rinne Banc Ceannais na hEorpa (ECB) ciorrú 0.25% ar a rátaí úis inniu, beart a raibh súil leis le tamall agus a fógraíodh ag cruinniú ar maidin i bhFrankfort na Gearmáine.

Tiocfaidh an ciorrú i bhfeidhm an 12 Meitheamh.

Is é an chéad chiorrú le roinnt blianta é agus tagann sna sála ar dheich gcinn d'arduithe úis ó 2022 i leith.

Sa 12 mhí go hAibreán, d'ardaigh aisíocaíochtaí úís ar mhorgáistí in Éirinn 21%, dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh. Bhí sé sin é féin sa bhreis ar an ardú 41% a tháinig orthu sa 12 mhí roimhe sin.

Fágann an ciorrú inniu go mbeidh ráta taisce an ECB anois ag 3.75% in áit 4%, go mbeidh an príomhráta athmhaoiniúcháin ag 4.25% in áit 4.5%.

Níro tháinig beart an lae inniu aniar aduaidh ar aon duine, mar tá sé ina ábhar cainte ag baill shinsearacha den bhanc le tamall, ina measc an tUachtarán Christine Lagarde agus an Príomh-Eacnamaí Philip Lane, iar-Ghobharnoir ar Bhanc Ceannais na hÉireann.

Dúirt Lane i mBaile Átha Cliath le gairid go raibh dóthain faisnéise acu leis an ráta a ísliú.

Chuir an ECB roimhe boilsciú i limistéir an Euro a thabhairt anuas go 2%, agus ó bhí 2.4% ina ráta boilscithe mí Aibreáin, is léir go bhfuil an sprioc sin ionann agus bainte amach.

Tá roinnt eacnamaithe ag tuar go mbeidh dhá chiorrú eile idir seo agus an Nollaig agus go bhféadfadh an ráta taisce bheith ag 3.5% nó b'fhéidir 3.25% fiú.

Agus cuirfidh tomhaltóirí fáilte roimh an isliú. Feicfidh lucht morgáistí rianacháin difríocht láithreach, mar tá ceangal díreach idir an ráta úis rianúcháin agus ráta taisce an ECB.

Níl an cheist chomh simplí do thomhaltóirí eile atá ar ráta athraitheach nó seasta, mar braithfidh aon bheart ar an mbanc féin. Mar shampla, níor ardaigh roinnt bancanna a gcuid rátaí gach uair a ardaíodh rátaí an ECB, agus tá glacadh leis gur amhlaidh a bheidh leis na ciorruithe seo.

Ach tá an tAire Airgeadais agus an Taoiseach araon ag tathant ar na bainc na ciorruithe a thabhairt ar láimh do lucht iascachtaí ina gcuid rátaí féin.

Dúirt Simon Harris inniu gur scríobh sé chuig na bainc ar an ábhar seo agus go raibh súil aige castáil leo go luath.