skip to main content

Píolótaí Aer Lingus le vótáil ar ghníomhaíocht stailce

Bhí píolótaí cheardchumann IALPA in Aer Lingus ag éileamh méadú pá 23.8%
Bhí píolótaí cheardchumann IALPA in Aer Lingus ag éileamh méadú pá 23.8%

Tá tús curtha ag píolótaí in Aer Lingus ar baill iad de Chumann Píolótaí Aerlínte na hÉireann, le vóta maidir le gníomhaíocht thionsclaíoch ar cheist a gcuid pá.

Inniu a cuireadh tús leis an vótáil agus tiocfaidh deireadh leis seachtain ó inniu.

Tá ceardchumann na bpíolótaí ag moladh dá mbaill vótáil ar shon gníomhaíocht thionsclaíoch, a bhféadfadh scailc a bheith ina chuid de.

Níos luaithe an tseachtain seo vótáil formhór mór na ball diúltú do mholadh na Cúirte Oibreachais leis an aighneas pá a réiteach.

Mhol an chúirt go mbronnfaí arduithe pá ionann le 9.25% ar na píolótaí mar shocrú eatramhach.

Méadú de 23.8% a bhí á eileamh ag na píolótaí.