skip to main content

Dualgas ar aerlínte "imirce mhírialta" a shrianú - Helen McEntee

Méadófar an fhíneáil ar aerlínte ó €3,000 go €5,000 an paisinéir
Méadófar an fhíneáil ar aerlínte ó €3,000 go €5,000 an paisinéir

Deir an tAire Dlí is Cirt Helen McEntee gur iarracht chun "imirce mhírialta" a shrianú é an cinneadh fíneáil níos airde a ghearradh ar aerlínte a thugann cead eitilte do phaisinéirí nach bhfuil pas taistil acu.

Tá sé i gceist ag an Aire na fíneálacha a ghearrtar ar aerlínte a dhéanann a leithéid, a mhéadú ó €3,000 go €5,000 an paisinéir.

Dúirt an tAire ar an chlár News at One ar RTÉ, go bhfuil dualgas dlithiúil ar aerlínte a chinntiú go bhfuil páipéarachas cuí nó víosa bailí ag gach duine a théann ar bord chun taisteal chun na tíre seo.

"Dá réir sin tá mé ag cur béime arís eile ar an dualgas sin atá ar ár gcuid aerlínte agus ar na comhlachtaí uilig sa chóras ina iomláine," a dúirt Helen McEntee.

Dúirt sí go bhfuil daoine a thagann isteach sa Stát i dteideal iarratas a dhéanamh ar thearmann gan pas ná víosa, ach dúirt nach bhfuil cead acu dul ar bord eitleáin go dlithiúil le cáipéisíocht mhícheart.

"Is coir é teacht anseo nó dul ar bord eitleáin le cáipéisí bréige agus a mhaíomh gur tú éigin eile, sin nó do chuid cáipéisí a scrios nuair a thagann tú anseo," a dúirt an tAire Dlí is Cirt.

Tá sé i gceist ag an Aire reachtaíocht leis na fíneálacha a mhéadú, a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar chuid de Bhille Forálacha Ilchineálacha roimh shos an tsamhraidh.

Dúirt an tAire nach bhfuil aon athrú tagtha ón bhliain 2003 ar an reachtaíocht a bhaineann le dualgais na n-aerlínte agus le méid na bhfíneálacha.

I ráiteas a d'eisigh an Roinn Dlí is Cirt tráthnóna, dúradh go ndéanann "Aonad Bainistithe na Teorann agus Biúró Imirce an Gharda Síochána seiceanna ag doirse na n-eitleán, dírithe orthu siúd a scrios a gcuid cáipéis le linn dóibh a bheith ar bord."

"Seiceanna iad seo atá bunaithe ar fháisnéis agus ar an méid a thugann oifigigh imirce faoi deara," a dúirt an Roinn.

Thug an Roinn le fios go ndearnadh breis is 2,000 seiceáil dá leithéid ag doirse eitleán go dtí seo i mbliana.