Tá iarrtha ag an Taoiseach ar na bancanna anseo gach laghdú i rátaí úis a chur ar fáil do chustaméirí "chomh luath agus is féidir."
Dúirt Simon Harris an méid sin inniu le linn dó bheith ag trácht ar chruinniú a bheidh ag comhairle feidhmeach Bhanc Ceannais na hEorpa amárach, áit a bhfuiltear ag súil go bhfógrófar laghdú sa ráta úis.
Dúirt an Taoiseach gur cosúil go bhfuil tamall de laghdú i rátaí úis ag teannadh linn.
"Díreach mar a bhí le linn ré na n-arduithe rátaí a raibh tionchar diúltach acu ar chustaiméirí morgáiste, ba mhaith liom anois go mbeadh lorg dearfach ag na laghduithe seo" a dúirt Simon Harris.
Bainfidh úinéirí tí a bhfuil morgáiste ar ráta rianaithe acu, buntáiste láithreach as aon laghdú a fhógróidh Banc Ceannais na hEorpa.
Dúirt an Taoiseach go bhfuil sé "tábhachtach go gcuirfeadh bancanna an buntáiste sin ar aghaidh chomh maith chuig custaiméirí atá ar an ráta athraitheach."
Tá sé ráite ag an Aire Airgeadais freisin go bhfuil súil aige go gcuirfidh na bancanna na laghduithe ar aghaidh chuig custaiméirí ar bhealach cothrom agus seasta.
Dúirt Michael McGrath go bhfuil gach cosúlacht ar an scéal go bhfógróidh Banc Ceannais na hEorpa laghdú sna rátaí úis amárach agus go bhfuil súil aige go ndéanfaidh na bancanna athphraghsáil ar a gcuid táirgí dá réir agus go "gcaithfidh siad go cóir lena gcuid custaiméirí."