Tá tiománaí tacsaí curtha ar a thriail sa Phríomhchúirt Choiriúil in éigniú beirt bhan óga i mBaile Átha Cliath i dhá eachtra éagsúla i samhradh na bliana 2022.
Níl aon aithne ag an bheirt bhan ar a chéile.
Chualathas sa chúirt go raibh an bheirt bhan ag obair agus ina dhiaidh sin amuigh ag ól i lúb chuideachta lena gcairde i lár na cathrach - bean amháin i mí an Mheithimh agus an dara bean i mí Lúnasa.
Dúradh leis an chúirt gur le linn do na mná a bheith ar a mbealach abhaile i dtacsaí an fhir a d'éignigh sé iad.
Dúirt an tabhcóide ionchúisithe Gerardine Small leis an ghiúré go gcaithfidh siad dearcadh ar na cúiseanna astu féin, cé go bhfuil an dá chás á n-éisteacht le chéile.
Séanann an fear atá ina chuid 50aidí agus arbh as Baile Átha Cliath dó, na cúiseanna agus deir gurb iad na mná a thosaigh gach teagmháil eatarthu agus gur lena dtoil a tharla an comhriachtan.