skip to main content

Tús curtha ag an líon is mó daltaí riamh le Scrúduithe Stáit

Bhí Sadhbh Ní Fhátharta agus Eva Ní Chonchubhair, daltaí i gColáiste Chroí Mhuire, an Spidéal, Co. na Gaillimhe an-sásta lena gcéad pháipéar Béarla
Bhí Sadhbh Ní Fhátharta agus Eva Ní Chonchubhair, daltaí i gColáiste Chroí Mhuire, an Spidéal, Co. na Gaillimhe an-sásta lena gcéad pháipéar Béarla

Thug an líon is mó daltaí ariamh faoi scrúduithe na Ardteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh ar maidin.

136,160 iarrthóir a chuir peann le pár sa dá scrúdú.

Is ar an Teastas Sóisearach a thug níos mó ná 73,000 aghaidh ar maidin - sin ardú de 3% - agus tuigtear gur méadú sa daonra is cúis leis an oiread sin a bheith cláraithe.

As an iomlán de 62,421 dalta atá cláraithe do na scrúduithe Ardteiste, beidh 4,055 scoláire ag freagairt an pháipéir don Ardteist Fheidhmeach.

Tá méadú de shíor ar an líon daoine atá ag roghnú an Ardteist Fheidhmeach a dhéanamh seachas an scrúdú traidisiúnta.

Anuraidh tháinig méadú 20% ar líon na n-iarrthóirí a thug faoin chlár Feidhmeach agus i mbliana tá sin méadaithe de 6%.

Beidh torthaí na hArdteiste ar fáil ar an 23 Lúnasa

Is é seo an chéad scrúdú stáit ag roinnt de lucht na hArdteistiméireachta mar nár shuigh cuid mhaith dóibh scrúduithe an Teastais Shóiséaraigh de bharr phaindéim Covid-19.

Ba é an Béarla Páipéar 1 an chéad teist a cuireadh ar dhaltaí na hArdteiste ar maidin agus bhí scoláirí Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe agus a gcomharsana i gColáiste Cholmcille in Indreabhán sásta go maith leis mar pháipéar.

Níl an próiseas marcála caighdeánach do scrúduithe na hArdteiste, mar a bhí roimh aimsir Chovid, curtha i bhfeidhm arís fós, rud a chiallaíonn go ndéanfar coigeartú ar na grádanna arís eil i mbliana, a deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Tá sé i gceist filleadh ar an ghnáth chóras grádála i scrúduithe na bliana 2025.

Beidh torthaí na hArdteiste ar fáil ar an 23 Lúnasa.

Beidh tuairisc faoi seo ag Sinéad Ní Neachtain ar Nuacht TG4 ag a 7.