skip to main content

Tús oifigiúil leis an obair thógála ar dhroichead nua trasteorann

Léaráid ealaíontóra den droichead nua staghcháblaí idir Co Lú agus Co an Dúin
Léaráid ealaíontóra den droichead nua staghcháblaí idir Co Lú agus Co an Dúin

Cuireadh tús oifigiúil inniu leis an obair ar an droichead nua atá le tógáil trasna abhainn an Rí idir Corr na Muclach i gCo Lú agus Caol Uisce i gCo an Dúin.

195 méadar ar a fhad a bheas an droichead staghcháblaí a chosnós thart ar €100 milliún.

Nasc úr a bheas ann idir bóthar an R173 in Ó Méith i gCuaille agus bóthar an A2 sa Phointe i gCo an Dúin.

Chomh maith le feithicilí, beidh lánaí ar leith ar an droichead nua do rothair agus do choisithe.

Ina cheann sin, beifear in ann an droichead a oscailt le báid a ligean isteach i gCanáil an Iúir.

Is é Rialtas na hÉireann atá ag íoc as an droichead nua agus thug an Taoiseach Simon Harris cuairt ar an láithreán tógála ar maidin inniu.

Bhí Aire Bonneagair an Tuaiscirt John O'Dowd ann freisin.

Creidtear go gcuirfidh an droichead nua go mór le forbairt eacnamaíochta an réigiúin agus leis an líon turasóirí a bheas ag dul siar is aniar idir an dá chontae a bhfuil gnéithe aiceanta suntasacha iontu araon, lena n-áirítear Beanna Boirche agus Sléibhte Chuaille.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ