Tá sé fógartha ag páirtí eile i gcomhrialtas Iosrael go nglacfaidh siad le margadh faoi shos cogaidh in Gaza a bhfuil na Stáit Aontaithe ag tacú leis de ghrá gialla Iosraelacha atá á gcoinneáil san iamhchríoch Phalaistíneach a scaoileadh saor.
I ráiteas a d'eisigh an páirtí ultrai-cheartchreidmheach, Shas, dúradh go nglacfaidís leis an margadh "fiú dá gcaithfí an stratéis chogaíochta in Gaza a athrú ó bhonn".
Inné, d'fhógair páirtí ultrai-cheartchreidmheach eile – Giúdachas Aontaithe an Tórá – go mbeidís-sean sásta glacadh leis an margadh atá na Meiriceánaigh a mholadh.
Tá seacht suíochán as an 120 atá i bparlaimint Iosrael ag Giúdachas Aontaithe an Tórá. Aon suíochán déag atá ag Shas.
"Dosháraitheacht na beatha" – de réir a gcreidimh féin – is cúis le cinneadh an dá pháirtí glacadh leis an margadh, a dúirt siad.
72 suíochán san iomlán atá ag comhrialtas Iosrael agus tá 32 díobh ag páirtí Likud an Phríomh-Aire Benjamin Netanyahu.
Tá trí shuíochán déag ag dhá pháirtí dheabhóideacha eile – Cumhacht Ghiúdach agus Síónachas Diaganta – agus tá sé ráite acusan go n-imeoidh siad as an gcomhrialtas má ghlactar leis an margadh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ