Tugadh fear 85 bliain d'aois os comhair cúirte i mBaile Nua na hArda i gCo an Dúin inniu agus é cúisithe i mbean 81 bliain a dhúnmharú.
Is é Jim Moore, as Plás Chlann Aodha Buí i mBeannchar, Co an Dúin, an té atá cúisithe i ndúnmharú Patricia 'Patsy' Aust a bhfuarthas a corp i dteach ar an mbaile sin arú inné.
Ní dhearna Jim Moore aon phléadáil sa chúirt ach mhaígh póilín sinsearach go bhféadfadh sé a chruthú go raibh an cúisí bainteach leis an marú.
Ní dhearnadh aon iarratas ar bhannaí agus cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil.
Tá sé le tabhairt os comhair na cúirte arís ar an 26 Meitheamh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ