D'fhógair an Taoiseach Simon Harris tráthnóna inniu go raibh rún ag an Rialtas fiosrúchán faoin bpaindéim Covid-19 a bhunú roimh an gcéad olltoghchán eile.
Thug sé le fios go bhfoilseofaí téarmaí tagartha an fhiosrúcháin as seo go ceann roinnt seachtainí.
Gealladh an fiosrúchán i Clár an Rialtais agus tá ciall lena bhunú anois, arsa an Taoiseach.
Tugtar le fios i dtuarascáil nua gur bhásaigh thart ar 1,100 duine sa bhreis sa Stát i gcaitheamh na mblianta 2020 agus 2021, tráth a bhí an phaindéim ann.
An dífrocht idir an líon básanna a raibh súil leo agus an líon básanna a bhí ann ar deireadh, sin é a measadh sa taighde a rinne Cumann na nAchtúirí in Éirinn.
Cé go gcuirtear 2020 agus 2021 le chéile sa tuarascáil, deirtear ann gur in 2021 a bhí formhór mór na mbásanna breise.
Na diansrianta sóisialta a cuireadh i bhfeidhm in 2020 ba chúis leis an líon básanna breise a bheith an-íseal an bhliain sin, a deirtear.
Tugtar le fios sa tuarascáil, áfach, gur iomaí slí le básanna breise a ríomh agus nach bhfuil na slite éagsúla níos iontaofa ná a chéile.
Go deimhin, tá figiúirí éagsúla i dtuarascálacha éagsúla.
Dúradh i dtuarascáil ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta i mí Eanáir seo caite, cuir i gcás, nár bhásaigh aon duine sa bhreis in Éirinn idir 2020 agus 2022, nuair a chuirtear cúinsí déimeagrafacha san áireamh.
I staidéar eile a foilsíodh sa tréimhseachán leighis The Lancet i mí an Mhárta 2022, dúradh gur bhásaigh 1,170 duine sa bhreis idir 2020 agus 2021.
I dtuarascáil eile fós a d'fhoilsigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte i mí Iúil 2020, dúradh gur bhásaigh 1,200 duine sa bhreis i gcaitheamh na gceithre mhí idir Mhárta agus Mheitheamh na bliana sin.
De réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí, bhásaigh 9,300 duine le Covid-19 sa Stát go dtí seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ