Tá bua ollmhór bainte amach ag Claudia Sheinbaum i dtogchán na hUachtaránachta i Meicsiceo.
Is í freisin an chéad bhean atá ina hUachtarán ar an tír seo i Meiriceá Láir.
Idir 58.3% agus 60.7% den vóta a bhí aici, ní raibh aon duine riamh a bhain éacht dá léithid amach i dtoghchán daonlathach i Meicsiceo.
Eolaí aeráide í Claudia Sheinbaum agus chaith sí tamall ina méara ar Chathair Mheicsiceo.