Tá fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe ag na póilíní ó thuaidh maidir le bas mná i gCo.An Dúin.
Bean sna hochtóidí atá i gceist agus fuarthas a corp i dteach cónaithe i gceantar Bheannchair sa chontae tráthnóna inné.
Gabhadh fear 85 bliain d'aois ar an láthair agus amhras ann go raibh baint aige le dúnmharú na mná.
Tá Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) ag iarraidh ar dhaoine a mbeadh aon eolas acu bainteach lenar tharla dul i dteagmháil leo.
Faoi láthair áfach, tuigtear nach bhfuil na póilíní sa tóir ar aon duine eile seachas an té atá gafa.