Cuirfear scrúdú iarbháis níos deireanaí inniu ar chorp an fhir a fuarthas in árasán i gCluain Eois,Co.Mhuineachán san oíche Dé Sathairn.
Thángthas ar an chorp thart ar a 10 a' chlog san árasán atá suite i lár an bhaile.
Deir na gardaí go mbeidh treo aon fhiosrúchán a bhunófar ag brath ar an scrúdú iarbháis sin.