Deir Príomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu go gcaithfear Hamas a scrios sular féidir sos cogaidh buan a chur i bhfeidhm i Gaza.
"Níl aon athrú tagtha ar choinníollacha Iosrael le deireadh a chur leis an chogadh - cumas rialaithe agus mhíleata Hamas a scrios, na gialla go léir a shaoradh, agus a chinntiú nach mbeidh Gaza ina bhaol do Iosrael níos mó," a dúirt Benjamin Netanyahu i ráiteas.
Rinne an Príomhaire a chuid cainte inniu agus arm Iosrael ag leanacht dá n-ionsaithe tancanna agus gunnaí móra ar chathair Rafah i ndeisceart Stráice.
Aréir dúirt Uachtarán Mheiriceá Joe Biden go raibh Iosrael ag tairiscint treochlár nua le sos cogaidh iomlán a bhaint amach.
Ní mó ná go raibh an chaint sin déanta ag Joe Biden nuair a dúirt Benjamin Netanyahu go leanfadh Iosrael den chogaíocht go dtí go mbeidh a spriocanna bainte amach acu - scrios Hamas ina measc.
Tá sé ráite ag Hamas áfach go bhfuil siad ag dearcadh go dearfach ar an treochlár a mhol Joe Biden.
De réir Uachtarán Mheiriceá beidh trí chéim i dtairiscint Iosrael - ag tosnú le tréimhse sé seachtainí ina dtarraingeoidh Iosrael siar ó cheantair i Gaza a bhfuil daoine ina gcónaí iontu.
Bheadh sé i gceist go saorfaí roinnt gialla - ina measc mná, daoine aosta agus iad siúd atá gortaithe mar mhalairt ar na céadta príosúnach Palaistíneach.
Rachadh Iosrael agus an Phalaistín den idirbheartaíocht i rith na sé seachtainí sin ach bheadh sos cogaidh ann le linn do na cainteanna a bheith ar bun, a dúirt Joe Biden.