skip to main content

ShinyHunters burst into notoriety in 2020-21 when it put up huge troves of customer records from more than 60 companies, according

Is ar an 20 Bealtaine a d'aimsigh Ticketmaster i Meiriceá an bhradaíl ar a mbunachar sonraí.
Is ar an 20 Bealtaine a d'aimsigh Ticketmaster i Meiriceá an bhradaíl ar a mbunachar sonraí.

Tá sé dearbhaithe ag an suíomh Meiriceánach do áirithintí ceolchoirmeacha Ticketmaster go bhfuil siad ag fiosrú sárú ar a mbunachar sonraí, ó mhaigh an grúpa haiceála ShinyHunters gur éirigh le teacht ar eolas 560 milliún dá gcuid custaiméirí.

Dé Luain seo caite an 27 Bealtaine d'fhoilsigh an grúpa fianaise ar an ngréasán dorcha faoin bhradaíl a rinne siad agus phostáil siad seat scáileáin ar na meáin shóisialta lena léiriú.

D'éiligh an grúpa íocaíocht éirice de $500,000 agus dúirt gur "reic aon uaire" a ba é .

Tá Ticketmaster, atá lonnaithe i gCalifornia, i gceannas ar cheann de na hardáin díolacháin ticéid ar líne is mó ar domhan.

Dúirt Live Nation Entertainment, máthair chomhlacht Ticketmaster le Coimisiún Úrrúis agus Malairte na Stáit Aontaithe gur aimsigh siad "gníomhaíocht neamhúdaraithe i réimse bunachar sonraí néil de chuid tríú páirtí."

Is ar an 20 Bealtaine a d'aimsigh an comhlacht an bhradaíl - seachtain sular foilsíodh an fhianaise ar na meáin shóisialta.

Bhain Shinyhunters cliú amach dóibh féin idir 2020-21 nuair a phostáiil siad taiscí ollmhóra de thaifid chustaiméirí bhreis is 60 comhlacht i Meiriceá.