Éisfear le cás atá tugtha ag an Ollamh Philip Nolan i gcoinne Fhondúireacht Eolaíochta Éireann san Ard-Chúirt arís ar 11 Meitheamh. Tá an cás tugtha aige le cinneadh a fhostóirí é a bhriseadh as a phost - mar Ard-Stiúrthóir ar an eagraíocht - a chur ar neamhní.
Inné, cheadaigh an Ard-Chúirt urghaire sealadach, ag cur bac ar Fhondúireacht Eolaíochta Éireann an tOllamh Nolan a bhriseadh as a phost.
Dúirt an t-abhcóide sinsearach ar son an Ollaimh Nolan, Padraic Lyons, go bhfuil a chliant i dteideal filleadh ar obair, dar leisean, agus go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh sé amhlaidh.
Ach dúirt an tOllamh Nolan go bhfuil sé toilteanach gan dul isteach go dtí a oifig go dtí go n-éisfear leis an gcás arís ar 11 Meitheamh.
Thug an tOllamh Nolan fianaise san Ard-Chúirt inniu go bhfuil sé glasáilte amach óna chuid ríomhphost ó bhris Bord Fhondúirteacht Eolaíochta Éireann as a phost é tráthnóna dé Luain.
D'iarr aturnae an Ollaimh Nolan ar Fhondúireacht Eolaíochta Éireann cead a thabhairt dó dul isteach ina chuntas ríomhphost arís, le go mbeidh sé in ann aon cheisteanna a thiocfaidh chun cinn roimh 11 Meitheamh a fhreagairt. Dúirt an t-abhcóide sinsearach ar son Fhondúireacht Eolaíochta Éireann go mbéidís sásta an t-iarratas sin a cheadú.
Fuair an tOllamh Nolan an íocaíocht dheireanach dá thuarastal agus ní bheidh aon íocaíocht eile dlite dó roimh 11 Meitheamh, a dúradh sa gcúirt.
Tugadh fianaise sa gcúirt go bhfuair an tOllamh Nolan ríomhphost tráthnóna dé Luain, inar cuireadh in iúl dó go raibh sé á bhriseadh as a phost. Níor eagraíodh aon chruinniú smachtaithe agus níor tugadh deis dó na líomhaintí ina choinne a fhreagairt, a dúradh sa gcúirt.
Tugadh fianaise sa gcúirt go séanann an tOllamh Nolan na líomhaintí atá curtha ina leith maidir le hiompar míchuí.