Léiríonn na figiúirí is déanaí atá curtha ar fáil ag an Roinn Tithíochta gur i mí Aibreáin, go raibh breis agus 14,000 duine ag fanacht i lóistín éigeandála.
9,803 duine fásta agus 4,206 páiste a bhí gan dídean agus ag fanacht i lóistín éigeandála an mhí seo caite. Is ardú é sin de 143 ar líon na ndaoine i mí an Mhárta.
Tá ardú 14% tagtha ar líon na ndaoine gan dídean sa stát le bliain anuas.
1,996 teaghlach a bhí ag fanacht i lóistín éigeandála i mí Aibreáin, ardú de chúig theaghlach déag ón mí roimhe sin.
Tá cáineadh géar déanta ag cumainn charthanachta ar son daoine gan dídean ar na figiúirí is déanaí. Deir Focus Ireland go bhfuil sé thar am don rialtas na moltaí a d'fhoilsigh an Coimisiún Tithíochta le déanaí a chur i bhfeidhm.
Moladh i dtuarascáil de chuid an Choimisiúin Tithíochta gur chóir go mbeadh 20% den stoc tithíochta in Éirinn ar fáil mar thithíocht ar cíos de réir costais. Is múnla tithíochta é sin, ina bhfuil sé de rogha ag tionóntaí fanacht i dtithe go buan, agus nach ndéantar aon bhrabús as don tiarna talún.
I mBaile Átha Cliath amháin, tá breis agus 10,000 duine gan dídean.
Deir Príomhfheidhmeannach Chlann Shíomóin, Catherine Kenny, go mbíonn ardú ag teacht de shíor ar líon na ndaoine gan dídean, mar gheall ar go n-éiríonn daoine sáinnithe i lóistín éigeandála; níl aon lóistín ar fáil dóibh sa mhargadh cíosa chun aistriú isteach ann.