Tá a bheannacht tugtha ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, don Úcráin úsáid a bhaint as airm de chuid Mheirceá chun ionsaithe a dhéanamh ar an Rúis, taobh istigh de theorainneacha na Rúise í féin; ar réigiún ar a dtugtar Belgorod. Sin a deir beirt oifigeach de chuid rialtas Mheirceá.
Ach tugtar cead don Úcráin úsáid theoranta a bhaint as airm Mheirceánacha; chun Kharkiv a chosaint amháin.
Deir na hoifigigh nach bhfuil aon athrú tagtha ar pholasaí Mheirceá gan airm Mheirceánacha fhadraoin a úsáid chun ionsaithe a dhéanamh go forleathan ar an Rúis.
Tuairiscíodh ar stáisiún teilifíse Meiriceánach, PBS, go dtagann an cinneadh i bhfeidhm inniu agus dá bharr, a thuairiscítear, tá cead ag an Úcráin airm Mheirceánacha a úsáid chun ionsaithe a dhéanamh ar thargaidí míleata na Rúise in Belgorod, chun Kharkiv a chosaint in aghaidh ionsaithe na Rúise ar an réigiún.
Tá Kharkiv suite in oirthuaisceart na hÚcráine. Tá sé in aice na teorann leis an Rúis, agus tá Cathair Kharkiv go mór faoi léigear le seachtainí anuas. Aréir, maraíodh ceathrar nuair a rinne fórsaí na Rúise ionsaí ar árasáin chónaithe i gCathair Kharkiv agus maraíodh 17 in ionsaithe eile an deireadh seachtaine seo caite.
Tá muintir Kharkiv á n-ionsaí anoir aduaidh, mar tá an tarna fronta oscailte ag fórsaí na Rúise le seachtainí anuas.
Deir oifigeach sinsearach sa Rúis go bhfuil Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, lán-dáiríre faoina chuid bagairtí airm núicléacha a úsáid má úsáidtear airm Mheiriceánacha chun ionsaithe a dhéanamh ar an Rúis; go bhféadfadh sé tús a chur le cogadh idir an Rúis agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh - nó NATO - dá ndéanfaí amhlaidh.
dhéanamh ar an Rúis;
Thug an Ghearmáin a beannacht inniu freisin go n-úsáidfidh an Úcráin airm Ghearmánacha chun ionsaí a dhéanamh ar an Rúis, ar mhaithe le Kharkiv a chosaint. Thug Uachtarán na Fraince le fios níos túisce an tseachtain seo go mbeadh an Fhrainc toilteanach go n-úsáidfí a cuid arm don bhfeidhm chéanna.