Tá ceithre bliana príosúin gearrtha ar iarbhreitheamh as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar sheisear ógánach agus as iarracht a dhéanamh duine amháin acu a éigniú.
Bhí Gerard O'Brien, 59 bliain d’aois, ina mhúinteoir meánscoile, ach d’fhág sé an ghairm le cáilíocht a bhaint amach mar dhlíodóir. Ceapadh é ina bhreitheamh sa gCúirt Chuarda ina dhiaidh sin.
Bhí ceathrar de na seisear buachaillí a ndearna sé ionsaithe orthu ina ndaltaí scoile i gColáiste na mBráithre Críostaí i mBaile na Manach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath - an scoil go raibh Gerard O’Brien ag múineadh inti – nuair a íonsaíodh iad.
Ciontaíodh Gerard O’Brien i gcúis amháin a bhain le hiarracht a dhéanamh ógánach a éigniú, agus in ocht gcúis a bhain le hionsaithe gnéis a dhéanamh ar ghasúir.
Tharla na hionsaithe idir 1991 agus 1997 agus idir 17 bliain d'aois agus 24 bliain d’aois a bhí na híospartaigh ag an am.
Ní raibh ach cos amháin ag Gerard O’Brien nuair a rugadh é; bhí an chuid eile dá ghéaga in easnamh. Tugadh fianaise sa gcúirt go raibh a mháthair ag glacadh an druga thalidomide nuair a bhí sí ag iompar clainne agus gurbh é sin a ba chúis, is dócha, leis na géaga a bheith in easnamh.
Sna fichidí déanacha agus sna tríochaidí luatha a bhí Gerard O’Brien nuair a d’ionsaigh sé na hógánaigh.
Shéan sé na líomhaintí ar fad ina choinne, ach fuarthas ciontach é anuraidh le linn trialach os comhair giúire.
Dúirt an Breitheamh Alexander Owens inniu gur bhain sé mí-úsáid as a mhí-chumas chun teacht i dtír ar na buachaillí go ndearna sé ionsaithe orthu.