Beidh searmanas stáit ar siúl an mhí seo chugainn i gcuimhne na 48 duine a cailleadh i dtine Stardust.
Ar 23 Meitheamh a reáchtálfar é agus tá na socruithe á ndéanamh i gcomhpháirt leis na teaghlaigh i láthair na huaire.
Ní fios go fóill cén láthair a bheas i gceist, ach meastar gur ag an nGairdín Cuimhneacháin i gCathair Bhaile Átha Cliath a bheidh sé ar siúl.
I ráiteas, thug an Taoiseach, Simon Harris, le fios gur thug sé gealltanas do mhuintir na marbh go reáchtálfadh sé a leithéid de shearmanas, nuair a bhuail sé leo an mhí seo caite. "Deis a bheas ann cuimhnigh ar na daoine a cailleadh", a dúirt an Taoiseach sa ráiteas. "Ach smaoineoimid freisin ar na daoine a gortaíodh, ar na daoine a chuaigh isteach sa tine le híospartaigh a thabhairt slán amach as agus ar na daoine a throid ar feadh na mblianta lena chinntiú nach mbeadh smál an choirloiscthe luaite leis an tragóid."
Lá le Vailintín 1981, chuaigh club oíche Stardust in Ard Aidhin i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath trí thine.
I mí Aibreáin, tugadh breithiúnas ag Cúirt an Chróinéara in Ospidéal an Rotunda i mBaile Átha Cliath gur marú neamhdhleathach a ba chúis lena mbás.
Faoiseamh ar deireadh a bhí ann do na daoine atá ag fulaingt ó shin gur chuir an breithiúnas nua ar neamhní an breithiúnas a thug Binse Fiosraithe Keane i 1982 "gur dóigh gur in aon turas a lasadh an tine."
Cuireadh ar neamhní ón taifead oifigiúil é i 2009 ach ghoill sé go trom fós ar na gaolta.
Ghabh an Taoiseach leithscéal thar cheann an stáit le teaghlaigh na marbh sa Dáil an mhí seo caite.