skip to main content

Tá 350 Garda i mBÁC le ceamaraí a chaitheamh ar a n-éide ón lá inniu.

Beidh na ceamaraí á gcaitheamh ar chliabhrach na nGardaí
Beidh na ceamaraí á gcaitheamh ar chliabhrach na nGardaí

Ón lá inniu,tá thart ar 350 Garda sa líne thosaigh i mBaile Átha Cliath le ceamara a chaitheamh ar a n-éide ar bhonn píolótach. Tá sé i gceist ag an nGarda Síochána go gcaithfidh an fórsa ina iomláine na ceamaraí ón mbliain seo chugainn.

Beidh siad á gcaitheamh ar chliabhrach na nGardaí agus beidh solas gealánach dearg le feiceáil orthu nuair atá siad ar siúl.

Ní bheidh dualgas ar leith ar na Gardaí a insint don phobal go bhfuil an ceamara ar siúl, ach más féidir, moltar dóibh dea-chleachtas a leanúint agus a rá le daoine go bhfuil siad á dtaifeadadh.

Ní bheidh fáil ar an ábhar taifeadta go dtí go gcuirfear na ceamaraí i stáisiún nasctha. Ón stáisiún nasctha, déanfar an t-ábhar a stóráil i lár-ionad stórais.

Deir an tAire Dlí agus Cirt nach bhfuil sé cothrom ar Ghardaí go gcuirtear iad go láithreacha ag a bhfuil gach duine eile i mbun taifeadta, seachas iad féin.

Ní bheidh cead ag na Gardaí na ceamaraí a úsáid, ach amháin sa gcás go bhfuil siad ar dualgas.

Is iad na Gardaí sna stáisiúin ar Shráid an Phiarsaigh, ar Shráid an Stórais agus ar Shráid Chaoimhín a bhainfidh úsáid as na ceamaraí ar dtús.

Deir an tAire Dlí agus Cirt nach bhfuil sé cothrom ar Ghardaí go gcuirtear iad go láithreacha ag a bhfuil gach duine eile i mbun taifeadta, seachas iad féin.