Bhásaigh fear sna caogaidí agus é i mbun a chuid oibre in ionad cóireála fuíolluisce le Uisce Éireann i Ros Cré i gCo Thiobraid Árann go gairid roimh am lóin inné.
Tá an tubaiste á fhiosrú ag na Gardaí agus ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.
I ráiteas, dúirt Uisce Eireann gur ag obair do chomhlacht a bhí ar conradh acu a bhí an fear.
Dúradh sa ráiteas freisin go raibh Uisce Eireann ag comhoibriú leis na húdaráis a bhfuil bás an fhir a fhiosrú acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ