Tá tús curtha i gcúirt i mBéal Feirste le triail thriúr fear atá cúisithe i ndúnmharú an iriseora Lyra McKee a lámhachadh i gcathair Dhoire cuig bliana ó shin.
Tugadh seachtar fear eile os comhair na cúirte agus iad cúisithe i gcionta a bhaineann leis an gcíréib a bhí i gceantar an Chreagáin i nDoire an oíche a maraíodh an t-iriseoir.
Dúradh sa chúirt go raibh Lyra McKee, a bhí 29 bliain d'aois, go raibh sí ina seasamh ar chúl na bpóilíní agus ag faire ar an gcaismirt in éineacht le cairde léi nuair a lámhachadh í sa cheann oíche an 18 Aibreán 2019.
Bhí buamaí peitril, clocha agus ábhar eile á ndiúracadh leis na póilíní ag an am ach ní raibh aon choinne le scaoileadh gunna.
D'admhaigh an grúpa a dtugtar an Fíor-IRA orthu gurb iad a mharaigh Lyra McKee ach dúirt gur taisme a bhí ann. Ní raibh ann, a mhaígh siad, ach go raibh sí sa bhearna bhaoil nuair a scaoil duine dá gcuid urchair leis na póilíní. Urchar iomraill a bhuail í, a dúirt siad.
Is as cathair Dhoire an triúr atá cúisithe i ndúnmharú Lyra McKee. Sin iad Peter Cavanagh, 35 bliain, as Sráid Mhuire; Jordan Devine, 23, as Sráid an Easpaig; agus Paul McIntyre, 56, as Siúlán na gCeall. Is amhlaidh a líomhnaítear gur chuidigh siad leis an té a rinne an marú.
Tá an triúr cuisithe freisin in arm tine agus in armlón a bheith ina seilbh acu.
Is as cathair Dhoire chomh maith an seachtar atá cúisithe maidir leis an gcíréib. Sin iad Joseph Patrick Barr, 36 bliain; Jude McCrory, 23; William Elliott, 57; Joseph Anthony Campbell, 23; Patrick Gallagher, 32; Christopher Gillen, 43; agus Kieran McCool, 55.
Tá cuid shuntasach den fhianaise atá le cur os comhair na cúirte bunaithe ar agallaimh a rinne roinnt de na cúisithe le criú teilifíse i nDoire an lá a maraíodh Lyra McKee.
Dar leis an ionchúiseamh go bhfuil na cúisithe so-aitheanta ón éadach a bhí siad a chaitheamh sna hagallaimh agus ina dhiaidh sin sa Chreagán nuair a bhí an chíréib ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ