Tá Rialtas na Slóivéine le aitheantas oifigiúil mar "stát neamhspleách agus ceannasach" a thabhairt don Phalaistín, díreach mar a rinne Éire, an Iorua agus an Spáinn arú inné.
Tá Parlaimint na Slóivéine le vóta a chaitheamh ar rún an rialtais Dé Máirt seo chugainn.
Cuireadh bratach náisiúnta na Palaistíne ar foluain ar fhaiche theach na parlaiminte in Ljubljana ar fhógairt an scéala tráthnóna inniu.
Ballstát den Aontas Eorpach is ea an tSlóivéin.
Dúirt an Príomh-Aire Robert Golob gur "teachtaireacht síochána" a bhí sa chinneadh stát na Palaistíne a aithint.
D'iarr sé chomh maith sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza agus na gialla Iosraelacha atá Hamas a choinneáil ann a scaoileadh saor.
Gan trácht ar Éirinn agus an Spáinn, tá aitheantas mar stát tugtha don Phalaistín cheana féin ag ocht mballstát eile den Aontas Eorpach, mar atá, an tSualainn, an Chipir, an Ungáir, Poblacht na Seice, an Pholainn, an tSlóvaic, an Rómáin agus an Bhulgáir.
Thug Rialtas Mhálta le fios inné go raibh siad féin ag cuimhneamh ar aitheantas a thabhairt don Phalaistín go luath.
Tá sé ráite ag Rialtas na Breataine agus ag Rialtas na hAstráile go mb'fhéidir go ndéanfaidís amhlaidh ach tá an Fhrainc ag braiteoireacht.
Phléigh Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron an cheist le hUachtarán Údarás na Palaistíne Mahmoud Abbas i gcomhrá teileafóin a bhí ag an mbeirt inné.
Thug Emmanuel Macron le tuiscint go bhféadfadh an Fhrainc an Phalaistín a aithint dá leasófaí ó bhonn Údarás na Palaistíne.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ