skip to main content

100 puball eile bainte anuas le taobh na Canálach Móire

Lóistín curtha ar fáil do lucht na bpuball in Iarthar na Cathrach
Lóistín curtha ar fáil do lucht na bpuball in Iarthar na Cathrach

Baineadh anuas ar maidin inniu thart ar 100 puball a bhí curtha suas ag inimircigh le taobh na Canálach Móire i lár Bhaile Átha Cliath agus tugadh na fir a bhí ag baint fúthu iontu chuig an ionad cónaithe d'iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta in Iarthar na Cathrach.

Seo an tríú huair an mhí seo ag na húdaráis pubaill a bhí curtha suas le hais na canála a bhaint anuas.

Mar a rinneadh an dá uair eile, cuireadh bacainní san áit a raibh na pubaill in aice le Droichead Shráid Bhagóid sa chruth nach bhféadfaí campa a bhunú ann arís.

Áiríodh gur 109 fear a bhí ina gcónaí sna pubaill agus cuireadh cúig bhus ar fáil lena dtabhairt chuig an ionad cónaithe in Iarthar na Cathrach.

Dúirt duine de na fir leis an ngníomhaireacht nuachta PA gur de bhunadh na Somáile é agus gur theith sé ón gcogadh ina thír dhúchais.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá beagnach dhá mhíle iarrthóir tearmainn ag fanacht le lóistín a fháil ón Stát.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ