Tugadh fear 38 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe i gceithre chion a bhaineann le scian a bhagairt ar dhaoine – leanaí ina measc – i lár na cathrach ar maidin inné.
Sin é Oisín Peavoy, as Rae Granby i mBaile Átha Cliath 1, a cuireadh siar faoi choinneáil ar an mbonn, de réir an bhreithimh, gur "baol don phobal é mar atá sé faoi láthair".
Líomhnaíodh sa chúirt gur bhagair sé scian ar bhean a raibh leanbh in éindí léi agus ar pháistí scoile a bhí ar dhá bhus i gCearnóg Parnell.
Idir sé bliana agus dhá bhliain déag a bhí na páistí agus dúradh go ndúirt cuid acu gur chreid siad go raibh siad chun bás a fháil.
Tá Oisín Peavoy cúisithe freisin i scian a bheartú arís ina dhiaidh sin ar Shráid Ghairdinéir.
Tá iompar bagrach agus caint tharcaisneach curtha ina leith chomh maith.
Chuir an breitheamh an cúisí siar faoi choinneáil agus tá sé le teacht os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar ar nasc físe i gceann seachtaine.
D'ordaigh an breitheamh freisin cóir leighis a chur ar Oisín Peavoy agus é faoi choinneáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ