skip to main content

Fiosrúchán faoi shárú ar shonraí in dhá ionad sláinte

Snap ón bhfíseán a taifeadadh in Ospidéal Naomh Conall i gCo Dhún na nGall
Snap ón bhfíseán a taifeadadh in Ospidéal Naomh Conall i gCo Dhún na nGall

Tá fiosrúchán curtha sa siúl ag an an gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le sárú ar shonraí in dhá ionad le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Baineann an scéal le físeáin de thaifid leighis daoine a foilsíodh ar líne anuraidh.

I gceann de na físeáin, taispeántar duine ag siortú i mboscaí cáipéisí in Ospidéal Naomh Conall i Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall i mí na Samhna seo caite.

Tá an t-ospidéal dúnta le blianta fada ach tá taifid leighis á stóráil ann i gcónaí.

Tuigtear gur in ionad sláinte i mBaile Átha Cliath a taifeadadh an físeán eile.

I ráiteas, dúirt an Coimisiún um Chosaint Sonraí gur chuir siad tús lena bhfiosrúchán nuair a tharraing Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a n-aird ar na físeáin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ