Tá an soláthraí fuinnimh SSE Airtricity le táillí leictreachais agus gáis a ghearrtar ar chustaiméirí baile a ísliú 10% ón 1 Iúil.
300,000 custaiméir baile atá ag an gcomhlacht sa Stát agus meastar go sábhálfaidh siad suas le €149 sa bhliain ar tháillí leictreachais agus suas le €105 sa bhliain ar tháillí gáis ar an meán mar gheall ar an ísliú.
Ní bheidh aon athrú ar bhuanmhuirir an chomhlachta.
Is é seo an dara huair i mbliana ag SSE Airtricity táillí a ísliú.
Ísliú 12.8% ar tháillí leictreachais agus ísliú 11.5% ar tháillí gáis a bhí i gceist an uair dheireanach.
Os a choinne sin, bhí táillí ardaithe 12% i mí Mheán Fómhair seo caite acu, agus ardaíodh táillí dhá uair in 2022 agus trí huaire in 2021.
Ina cheann sin arís, tá táillí leictreachais SSE Airtricity thart ar 70% níos airde ná mar a bhí siad roimh an ngéarchéim fuinnimh in 2022 agus tá táillí gáis an chomhlachta thart ar 80% níos airde.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ