Scaoileadh saor gan a chúiseamh in aon chion fear sna fichidí a bhí á cheistiú ag na Gardaí faoi bhás fir i gCo Chiarraí.
I ráiteas, dúirt na Gardaí go raibh comhad le cur acu chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
Sádh agus maraíodh Gerard Kennelly, a bhí 44 bliain, i sráidbhaile Chnoc an Iúir, soir ó Lios Tuathail, i dtuaisceart an chontae go gairid tar éis an mheán oíche ar maidin Dé Luain seo caite.
Tráthnóna inné, tugadh fear 35 bliain os comhair Chúirt Dúiche Lios Tuathail agus é cúisithe i ndúnorgain Gerard Kennelly.
Cuireadh siar faoi choinneáil Kieran Brady, as Áth an tSléibhe i gCo Luimnigh, agus tabharfar é os comhair Chúirt Dúiche Chill Airne Dé Máirt seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ