skip to main content

Rafah: os cionn scóir maraithe ag Iosrael i gceantar 'sábháilte'

Mar atá an saol in Rafah i ndeisceart Gaza, 27 Bealtaine 2024
Mar atá an saol in Rafah i ndeisceart Gaza, 27 Bealtaine 2024

Tuairiscítear gur maraíodh os cionn scór daoine nuair a scaoil fórsaí míleata Iosrael diúracáin le campa teifeach nuabhunaithe siar ó chathair Rafah i ndeisceart Gaza.

Deir aireacht sláinte Hamas in Gaza gur mná ab ea dháréag den dream a maraíodh.

Is i gceantar cois farraige a dúirt na hIosraelaigh a bhí sábháilte a bhí an campa bunaithe.

Go deimhin, ba iad na hIosraelaigh féin a d'ordaigh do na teifigh aslonnú ann.

Tá sé ráite go minic ag gníomhaireachtaí éagsúla – na Náisiúin Aontaithe ina measc – nach bhfuil aon áit sa limistéar sábháilte a fhad is atá fórsaí Iosrael á thuairgneáil le hairtléire ó thancanna agus le diúracáin ón aer.

Tuairiscítear freisin go bhfuil lár Rafah bainte amach ag tancanna na nIosraelach den chéad uair ó chuir siad tús lena mórionsaí ar an gcathair i dtús na míosa seo.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris inniu gur táir agus gur colúil an leithscéal a thugann na hIosraelaigh gach uair a dhéanann siad sléacht in Gaza.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ