Tá iarrthóir ó Fhine Gael i gCo Lú tar éis tarraingt amach as na toghcháin áitiúla i bhfianaise ar tuairiscíodh fúithi inné ar an suíomh gréasáin The Ditch.
Líomhnaítear sa tuairisc gur íoc forbróir tithíochta €15,000 in airgead tirim le Marian Agrios agus go ndearna sé luach €15,000 d'obair athchóirithe ar a teach tar éis di éirí as cur in aghaidh iarratas ar phleanáil a bhí déanta aige.
I ráiteas, dúirt Marian Agrios go raibh "an rud a tharla mícheart agus go raibh an-aiféala go deo uirthi faoi". Dúirt sí leis "nár chóir dó tarlú".
D'iarr sí ar dhaoine gan vóta a chaiteamh ar a son in ainneoin go mbeadh a hainm ar an bpáipéar ballóide i gcónaí lá an toghcháin seachtain ón Aoine beag seo.
Thug Marion Agrios le fios chomh maith nach ndéarfadh sí dada eile faoin scéal thar a raibh ina ráiteas.
Iarrthóir i dtoghcheantar tuaithe Dhroichead Átha ab ea í.
Dúirt Teachta Dála Fhine Gael i gCo Lú, Fergus O'Dowd, tráthnóna inniu go raibh sé suaite ag an scéal, agus gur chuir sé fearg agus samhnas air.
Rinne Marian Agrios an rud ceart nuair a tharraing sí amach as an toghchán, arsa sé.
Thug Fergus O'Dowd le fios freisin go ndúradh leis go raibh fiosrúchán inmheánach curtha sa siúl ag Fine Gael agus go ndéanfadh an páirtí beart cuí in am trátha.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ