skip to main content

Lá croídhílis agus aitheantas tugtha ag Éirinn do stát na Palaistíne

Bratach náisiúnta na Palaistíne (ar an taobh clé) ar foluain ar fhaiche Theach Laighean inniu
Bratach náisiúnta na Palaistíne (ar an taobh clé) ar foluain ar fhaiche Theach Laighean inniu

Tá bratach náisiúnta na Palaistíne tógtha agus curtha ar foluain ar fhaiche Theach Laighean tar éis do Rialtas na hÉireann críocha na bPalaistíneach sa Neasoirthear a aithint go foirmiúil mar "stát ceannasach agus neamhspleách".

D'fhógair an Taoiseach Simon Harris Dé Céadaoin seo caite go raibh Éire, an Iorua agus an Spáinn in éineacht le aitheantas a thabhairt don Phalaistín ó inniu agus dúirt go ndéanfadh na trí thír astu féin pé beart a theastódh leis an gcinneadh sin a chur i bhfeidhm.

Mar leis sin de, cé gur mó an gníomh siombalach ná an gníomh feidhmiúil é, beidh athruithe sa chaidreamh polaitiúil idir Éire agus Údarás na Palaistíne sa Bhruach Thiar dá bhíthin.

Ambasáid a bheas i Misean na Palaistíne in Éirinn feasta agus Ambasadóir a bheas sa taidhleoir is sinsearaí ann.

Agus a mhalairt go cruinn, is Ambasáid a bheas in Oifig Ionadaíochta na hÉireann i gcathair Ramallah sa Bhruach Thiar feasta agus stádas Ambasadóra a bheas ag an té is sinsearaí ann.

Is iad Hamas seachas Údarás na Palaistíne atá i gceannas in Gaza, an dara críoch Phalaistíneach is mó i ndiaidh an Bhruaigh Thiar.

Oifig Mhisean Stát na Palaistíne ar Shráid Líosain Uachtarach i mBaile Átha Cliath

Dúirt an Taoiseach inniu gur de ghrá an dóchas a choinneáil ar marthain atá aitheantas oifigiúil tugtha ag Éirinn don Phalaistín.

Dhearbhaigh sé go gcreideann Rialtas na hÉireann go gcaithfidh dhá stát a bheith ann – Iosrael agus an Phalaistín le taobh a chéile – le go mbeidh síocháin agus slándáil sa dá thír sin i bhfad na haimsire.

Thug an Taoiseach le fios go dtuigeann sé go maith cé gur cor stairiúil i scéal an Neasoirthir is ea an t-aitheantas atá tugtha don Phalaistín inniu nach bhfuil ann ina dhiaidh sin féin ach ceann de chéad bhunchlocha an chaisleáin a chaithfear a thógáil de réir a chéile.

An Taoiseach Simon Harris ag Tithe an Rialtais inniu

Agus é ag trácht ar an ngéarchéim dhaonnúil agus ar mharú na bPalaistíneach in Gaza, dúirt sé gur táir agus gur colúil an chaint a bhíonn ag na hIosraelaigh gach uair a dhéanann siad sléacht ann.

Gach uair a mharaíonn na hIosraelaigh slua sibhialtach, arsa Simon Harris, tugann siad "dearmad tragóideach" ar an uafás.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, gur chóir d'Iosrael glacadh leis an gcinneadh atá déanta ag stáit cheannasacha dhaonlathacha ar fud an domhain aitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.

Measann an Tánaiste go dtabharfaidh tuilleadh tíortha fós aitheantas don Phalaistín go luath agus gurb é polasaí Phríomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, gach uile dheis a thapú leis an mbonn a bhaint ó stát Palaistíneach, gurb é is cúis leis sin.

145 stát as 193 ballstát na Náisiún Aontaithe a aithníonn an Phalaistín mar stát inti féin anois.

Tíortha sa Neasoirthear, sa Mheánoirthear, san Afraic agus san Áise is ea a bhformhór.

Ní aithníonn na Stáit Aontaithe, Ceanada ná bunáite thíortha iarthar na hEorpa í, áfach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ