Thóg na Gardaí os cionn €30,000 in airgead tirim, luach €15,000 de channabas luibhe agus luach €40,000 d'éadaí dearthóirí, bróga agus seodra nuair a chuardaigh siad roinnt ionad i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu.
Ina cheann sin, chalc siad luach ceathrú milliún euro d'acmhainní a bhí i gcuntais bhainc éagsúla agus thóg siad caipéisíocht airgeadais.
Ghabh na Gardaí triúr freisin agus deir siad go bhfuil siad á gceistiú faoi chionta inimirce agus go ndíbreofar iad as an Stát in am trátha.
140 Garda a ghlac páirt sna cuardaigh i mBaile Brigín, sa Chúlóg agus i bhFionnghlas a deir na Gardaí a bhain le fiosrúchán atá ar bun acu maidir le sciúradh airgid, díol agus soláthar drugaí, airm thine, gadaíocht, diúscairt neamhdhleathach dramhaíola agus cionta inimirce.
Tá baint ag an scéal chomh maith, a deir siad, le heachtra foréigin a tharla i mBaile Ghrífín i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar an 13 Eanáir seo caite.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ