Tá beirt fhear gafa ag na Gardaí maidir le bás fir 44 bliain d'aois í a chreidtear a bhásaigh de bharr ionsaí a rinneadh air i gCo Chiarraí go deireanach aréir.
Fuarthas corp Gerard Kennelly ar thaobh an bhóthair i sráidbhaile Chnoc an Iúir, deich gciliméadar soir ó Lios Tuathail, i dtuaisceart an chontae go gairid tar éis an mheán oíche.
Tuigtear gurbh amhlaidh a sádh é.
Tugadh a chorp go hOspidéal Ollscoile Chiarraí i dTrá Lí, mar a raibh scrúdú iarbháis le déanamh air tráthnóna inniu.
Sna fichidí agus sna tríochaidí atá an bheirt fhear atá á gceistiú ag na Gardaí.
Is iad na Gardaí i Lios Tuathail atá ag fiosrú an mharaithe agus tá siad ag achainí ar dhaoine a bhí sa cheantar ag an am agus a mbeadh aon eolas ábhartha acu teacht chun cainte leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ