Tugadh fear ocht mbliana déag d'aois os comhair Chúirt Dúiche Thamhlacht i mBaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe maidir le tine a lasadh i bhfoirgneamh folamh a raibh iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le cur a chónaí ann.
Sin é Andy Donohue as Radharc Iarthar na Cathrach i dTamhlacht a bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé damáiste coiriúil do Theach Naomh Eoin ar an tSráid Ard i dTamhlacht oíche Dé Máirt seo caite.
Dúirt Garda sa chúirt gur gabhadh Andy Donohue inné agus gur cúisíodh é i Stáisiún Gardaí Thamhlacht ina dhiaidh sin.
Dúradh gur fhan an fear óg ina thost nuair a cuireadh an chúis ina leith.
D'iarr na Gardaí ar an mBreitheamh Patricia McNamara gan bannaí a cheadú do Andy Donohue i bhfianaise thromchúis a bhfuil curtha ina leith.
Chuir an breitheamh an cúisí siar faoi choinneáil agus tá sé le teacht os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar ar nasc físe Dé hAoine beag seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ