Tá fear agus bean gafa ag na Gardaí maidir leis an bpléasc a tharla sa Chraoslach i gCo Dhún na nGall in 2022 ar maraíodh deichniúr dá barr.
I ráiteas, dúirt na Gardaí gur faoin Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine a gabhadh an bheirt ar maidin inniu.
Dúradh freisin go bhfuil an bheirt sna daichidí agus go bhfuil siad á gceistiú in dhá stáisiún Ghardaí éagsúla i gCo Dhún na nGall.
Maraíodh ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí mar gheall ar an bpléasc a tharla ag stáisiún peitril agus ag bloc árasán i sráidbhaile an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.
Idir chúig bliana agus 59 bliain d'aois a bhí na mairbh.
B'in iad Catherine O'Donnell agus a mac James Monaghan; Robert Garwe agus a iníon Shauna Flanagan Garwe; Leona Harper; Jessica Gallagher; James O'Flaherty; Martin McGill; Martina Martin; agus Hugh Kelly.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ