skip to main content

Leathchéad puball eile curtha suas le taobh na Canálach Móire

Tuilleadh puball curtha suas le taobh na Canálach Móire
Tuilleadh puball curtha suas le taobh na Canálach Móire

Tá tuilleadh puball curtha suas ag iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le taobh na Canálach Móire i lár Bhaile Átha Cliath.

Thart ar leathchéad puball atá i gceist an uair seo agus is ar dhá thaobh na canála atá siad suite.

Dé Máirt seo caite, bhain na húdaráis anuas thart ar 100 puball le hais na canála ar Ardán Wilton agus chuir siad bacainní suas le nach bhféadfaí campáil ann arís.

Tá pubaill á gcur suas i gceantar na Canálach Móire le mí ag fir ó thar lear a bhfuil iarratas ar thearmann in Éirinn déanta acu ach nach bhfuil sé d'acmhainn ag an Stát lóistín a chur ar fáil dóibh.

Tá an chuid den chanáil a bhfuil na fir ag baint fúthu ann cóngarach don Oifig um Chosaint Idirnáisúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach, áit an ndéantar iarratas ar thearmann.

Ní bhíonn ann ach thuas seal thíos seal, áfach, arae ní túisce curtha suas na pubaill ag na fir ná bainte anuas iad ag na húdaráis, agus a mhalairt go cruinn.

Mar le gné eile den cheist, thug an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee le fios inniu go raibh méadú 50% ar an líon orduithe díbeartha a síníodh le bliain agus méadú 200% san achar céanna ar an líon inimirceach a díbríodh as an Stát.

Ina cheann sin, arsa sí, tá an Rialtas le iarratas ar thairiscintí i gcomhair sheirbhís chairteitilte a fhoilsiú as seo go ceann roinnt seachtainí le dúil níos mó inimirceach a dhíbirt níos gasta.

Dhearbhaigh an tAire McEntee chomh maith gur fhill níos mó inimirceach dá ndeoin féin ar an tír as ar tháinig siad le bliain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ