skip to main content

Beirt os comhair cúirte maidir le dúnmharú Keane Mulready-Woods

Keane Mulready-Woods
Keane Mulready-Woods

Tugadh beirt fhear os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath tráthnóna inniu agus cúiseanna a bhaineann le dúnmharú ógánaigh os cionn ceithre bliana ó shin curtha ina leith.

Dúnmharaíodh Keane Mulready-Woods, a bhí seacht mbliana déag, ar an 12 Eanáir 2020 agus gearradh a chorp ina phíosaí.

Fuarthas páirteanna dá chorp ina dhiaidh sin i dtrí áit éagsúla – an Chúlóg agus an Baile Bocht i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, agus Páirc Ráth Maoláin i nDroichead Átha.

Bhí baint ag Keane Mulready-Woods le buíon coirpeach i nDroichead Átha a bhí briste amach le coirpigh eile.

Tá duine den bheirt a bhí os comhair na cúirte inniu cúisithe i bpáirteanna de chorp an déagóra a dhiúscairt nó i gcabhrú le daoine eile iad a dhiúscairt.

Sin é Stephen Carberry, 46 bliain, as Árasáin Adair i nDumhach Thrá, Baile Átha Cliath 4, atá cúisithe freisin i ngluaisteán a chur trí thine sa Bhaile Bocht agus i gcabhrú leis an duine a rinne a dúnmharú éalú ón dlí.

Cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil agus tá sé le cur ar a thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta.

Owen Flood, 30 bliain, as Ascaill an Bhaile Bhoicht, Baile Átha Cliath 3, an fear eile a bhí os comhair na cúirte inniu.

Tá seisean cúisithe i leas a bhaint as gluaisteán goidte agus i luach €50 de dhíosal a ghoid ó stáisiún seirbhísí ar mhótarbhealach an M1.

Cuireadh siar faoi choinneáil é agus tá sé le cur ar a thriail sa Chúirt Chuarda.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ