skip to main content

4 maraithe, 16 duine gortaithe i mbialann i Mallarca

Lathair na tubaiste i gcathair Palma i Mallarca ar maidin inniu
Lathair na tubaiste i gcathair Palma i Mallarca ar maidin inniu

Maraíodh ceathrar agus gortaíodh sé dhuine dhéag nuair a thug an t-urlár uaidh i mbialann dhá stór ar oileán Mhallarca amach ó chósta thoir na Spáinne tráthnóna inné.

Tá sé deimhnithe ag na húdaráis ann gur beirt bhan ón nGearmáin, Spáinneach mná agus fear ón tSeineagáil a bhí sa cheathrar a maraíodh.

20 bliain agus 30 bliain d'aois a bhí an bheirt Ghearmánach, 23 bliain a bhí an Spáinneach agus 44 bliain a bhí an Seineagálach.

Deirtear go bhfuil seachtar den dream a gortaíodh "go han-dona tinn" agus go bhfuil an naonúr eile "go dona tinn".

Lucht éigeandála ar láthair na tubaiste aréir

Ar aghaidh na trá i bpríomhchathair Mhallarca, Palma, atá an bhialann agus deirtear go raibh an áit lán ag an am.

Táthar den bharúil faoi láthair gur faoin ualach daoine a thug an t-urlár uaidh ach níl an fiosrúchán dlí-eolaíochta ach ina thús.

Tá na seirbhísí éigeandála fós ag cíorláil an smionagair ar fhaitíos go mbeadh an corrdhuine sáinnithe ann i gcónaí, beo nó marbh iad.

Bíonn triall na dtáinte ar Mhallarca agus ar na hOileáin Bhailéaracha eile sa samhradh – Éireannaigh ina measc – ach deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach bhfuil aon tuairisc faighte acu fós faoi aon duine ón tír seo a bheith i measc na ndaoine a gortaíodh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ