Cion atá ann ó inniu ag duine fásta iachall a chur ar pháiste gníomhartha coiriúla a dhéanamh nó páiste a mhealladh le gníomhartha coiriúla a dhéanamh.
Faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2024, is féidir suas le dhá mhí dhéag príosúin a ghearradh ar dhuine fásta a chiontaítear gan ghiúiré i gcúirt dúiche agus suas le cúig bliana príosúin ar an té a chiontaítear i ndiaidh a chur ar a thriail.
Ag trácht di ar an aidhm atá leis an bhforáil nua, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee gur féidir le daoine óga atá bainteach le mangaireacht drugaí agus le gadaíocht, gur féidir leo dul i muinín coiriúlacht níos tromchúisí fós nuair a fhásann siad suas.
Má chiontaítear iad sna cúirteanna, arsa sí, is lúide an seans go mbeidh saol mar chách acu ina dhiaidh sin. Cuir i gcás, a dúirt sí, bíonn sé doiligh acu post ceart a fháil agus ní ligtear isteach i dtíortha áirithe iad.
Faoi láthair, a dúirt an tAire McEntee, is féidir bearta áirithe a dhéanamh le teacht i gcabhair ar dhaoine óga atá n-oiliúint mar choirpigh ag a ndaoine muinteartha ach beart suntasach breise atá san fhoráil nua a chinnteos gurb é an duine nó na daoine is mó is ciontach a íocfas an téiléireacht feasta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ