skip to main content

Iarrthóirí tearmainn: tástáil nua acmhainne le tabhairt isteach

An Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath, mar a ndéanann eachtrannaigh iarratas ar thearmann in Éirinn
An Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath, mar a ndéanann eachtrannaigh iarratas ar thearmann in Éirinn

Tá tástáil acmhainne le tabhairt isteach ó thús na míosa seo chugainn i gcás iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta a fhaigheann liúntas seachtainiúil ón Stát ach a bhfuil ioncam eile acu freisin.

De réir na rialacha nua, ní thabharfar an liúntas seachtainiúil feasta do dhaoine a fhaigheann níos mó ná €125 sa tseachtain ó fhoinse ioncaim eile.

Mar sin féin, leanfar ag íoc an liúntais sheachtainiúil leis na hiarrthóirí tearmainn más amhlaidh nach bhfaigheann siad an t-ioncam breise sin ach ar feadh aon seachtain déag sa bhliain nó níos lú ná sin.

€38.80 sa tseachtain a fhaigheann iarrthóirí tearmainn má tá siad ina gcónaí i lóistín atá curtha ar fáil dóibh ag an Stát.

€113.80 sa tseachtain a fhaigheann siad má tá siad ina gcónaí in aon áit eile agus ag seiftiú dóibh féin de bhrí nach bhfuil sé d'acmhainn ag an Stát lóistín a chur ar fáil dóibh.

€29.80 sa tseachtain a íoctar i leith linbh.

Is leis an duine aonair a bhaineann na rialacha nua agus ní rachaidh siad i gcion ar an gcuid eile den teaghlach, más teaghlach atá i gceist agus mura bhfuil foinse ioncaim eile acusan.

Post nó íocaíocht leasa shóisialta atá i gceist le 'foinse ioncaim eile'. Ní bhreathnaítear ar an liúntas seachtainiúil mar íocaíocht leasa shóisialta.

Tá cead ag iarrthóirí tearmainn post a lorg cúig mhí tar éis dóibh iarratas ar thearmann in Éirinn a dhéanamh.

An tseachtain seo caite, d'fhógair an Rialtas go ndéanfaí athbhreithniú ar na tacaíochtaí ar fad – íocaíochtaí ina measc – a thugtar d'iarrthóirí tearmainn agus go gcuirfí tuarascáil faoin gceist os comhair na Comhaireachta faoi dheireadh na míosa seo chugainn.

Inniu ar shuíomh gréasáin Rialtais a foilsíodh an scéala faoin tástáil acmhainne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ