Bhí idir lucht gnó, lucht spóirt agus pholaiteoirí i measc an tslua a bhí ar shochraid an toicí cháiliúil Tony O'Reilly i mBaile Átha Cliath inniu.
Bhásaigh Tony O'Reilly Dé Sathairn seo caite in aois a ocht mbliana agus ceithre scór.
Ba fear é a raibh mianach na fiontraíochta ann agus brá gill aige dá bharr.
I measc éachtaí go leor, ba é a bhunaigh an branda déiríochta Kerrygold; bhí sé ina uachtarán agus ina chathaoirleach domhanda ar an ollchomhlacht bia Heinz; ba é an scairshealbhóir ba mhó i gcomhlacht Waterford Wedgewood é; agus bhí sé i gceannas ar an gcomhlacht ar leis nuachtáin an Independent.
Chomh maith leis an rath a bhí ar Tony O'Reilly i gcúrsaí gnó, bhí cáil air freisin as a chuid daonchairdis agus roimhe sin mar imreoir le foireann rugbaí na hÉireann idir 1955 agus 1970.
Bhí an Tánaiste Micheál Martin agus aide de camp Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins ar Aifreann na sochraide i Séipéal an Chroí Rónaofa i nDomhnach Broc ar maidin
Ina aitheasc, dúirt an tAthair Bruce Bradley "cé go raibh go leor bainte amach ag Tony O'Reilly i gcaitheamh a shaoil nach ndearna sé talamh slán d'aon rud riamh".
Thug an tAthar Bradley le fios freisin nach raibh náire riamh ar Tony O'Reilly faoin gcreideamh a bhí aige.
Dúirt duine dá chlann mhac, Cameron O'Reilly, go raibh an tuile an trá araon i saol a athar agus go mb'údár mór sóláis don teaghlach an t-ómós a bhí tugtha ag daoine éagsúla dó ó cailleadh é.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ