skip to main content

Cuntas coigiltis nua 'a mbeidh an-tóir air' seolta ag Revolut

Cuntas coigiltis nua seolta ag Revolut in Éirinn
Cuntas coigiltis nua seolta ag Revolut in Éirinn

Tá cuntas coigiltis nua a bhfuil ráta úis suas le 3.49% ag dul leis agus a bhfuil fáil ar an airgead ann ar an bpointe seolta ag an mbanc ar líne Revolut.

Custaiméirí Revolut a bhfuil an gnáthráta úis 2% á fháil acu faoi láthair, caithfidh siad an cuntas coigiltis nua a íoslódáil má theastaíonn uathu an ráta is airde a fháil feasta.

Cé go dtairgeann bainc eile in Éirinn cuntais choigiltis speisialta a bhfuil rátaí arda úis ag dul leo, níl cead airgead a thógáil amach as cuid mhór acu go ceann roinnt blianta gan phionós.

Agus an cuntas coigiltis nua á sheoladh inniu aige, dúirt príomhfheidhmeannach Revolut san Eoraip, Joe Heneghan, go bhfuil na rátaí úis ar choigiltis i mbainc eile in Éirinn i measc na rátaí is ísle san Eoraip.

Mar bharr ar olc, arsa sé, tá sé deacair meabhair a bhaint as cuid de na rialacha a bhaineann le rátaí úis sa tír seo, níl fáil éasca ag daoine ar a gcuid airgid agus tá easpa iomaíochta san earnáil bhaincéireachta trí chéile in Éirinn.

Leis an gcuntas coigiltis nua atá Revolut a thairiscint, a dúirt sé, beidh daoine in ann a gcuid airgid a bhainsitiú níos fearr agus níos sciobtha ná custaiméirí na mbanc eile.

Tá 2.7 milliún custaiméir ag Revolut in Éirinn agus creideann saineolaithe airgeadais go mbeidh an-tóir ar an gcuntas coigiltis nua.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ