skip to main content

Naonúr os comhair cúirte faoi agóid ag ionad d'iarrthóirí tearmainn

Naonúr tugtha os comhair Chúirt Dúiche Dhún Laoghaire ar maidin inniu
Naonúr tugtha os comhair Chúirt Dúiche Dhún Laoghaire ar maidin inniu

Tháinig naonúr os comhair Chúirt Dúiche Dhún Laoghaire ar maidin inniu agus cúiseanna éagsúla curtha ina leith maidir le hagóid a bhí ag ionad d'iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath inné.

Gabhadh an cúigear fear agus an ceathrar ban le linn na hagóide i mBaile Uí Ógáin tráthnóna inné.

Cionta a bhaineann leis an ord poiblí a shárú atá curtha ina leith agus tá duine de na fir cúisithe freisin i scian a bheith ina sheilbh aige.

Is iad an naonúr Colin McGettrick, 48 bliain, as Cuan na Lochlannach in Oileán Uiséir, Baile Átha Cliath; David Noonan, 49 bliain, as Eastát na Darach Nua i gCeatharlach; Lisa Burnett, 33 bliain, as Gleann Bhaile Uí Ógáin i gCarraig Mhaighin, Baile Átha Cliath 18; Cathy Kennedy Byrne, 47 bliain, as Bóthar Ghleann na Muc, Baile Átha Cliath 18; Scott Cullen, 39 bliain, as Ascaill Bhaile Uí Ógáin i gCarraig Mhaighin, Baile Átha Cliath 18; Danielle McGearty, 31 bliain, as Halla na Fuinseoige i nGort na Fuiseoige, Baile Átha Cliath 18; Megan Isaacson, 20 bliain, as Garrán Radharc an Chnoic i mBaile an tSaoir, Baile Átha Cliath 16; Graham Carragher, 60 bliain, as Eastát Chnoc an Aitinn in Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath 18; agus Seán Rush, 33 bliain, as Ascaill Éadan Mór sa Chúlóg, Baile Átha Cliath 5.

Is é Seán Rush an té atá cúisithe sa scian a bheith ina sheilbh aige.

Tá an naonúr cúisithe i ndul sa bhealach ar dhuine agus ar fheithiclí in áit phoiblí agus i neamhaird a thabhairt ar threoracha ón nGarda Síochána.

Dúirt an Ceannfort Gordon Wolf sa chúirt go mb'fhéidir go gcuirfí tuilleadh cúiseanna fós i leith an naonúir.

Cheadaigh an Breitheamh Anne Watkin bannaí do gach duine den naonúr, seachas Seán Rush.

D'ordaigh sí dóibh fanacht amach ón ionad tearmainn i mBaile Uí Ógáin agus ó aon duine atá ina chónaí ann nó ag obair ann. Caithfidh siad dul i láthair na nGardaí gach lá freisin.

Tá an t-ochtar le teacht os comhair na cúirte arís i mí Mheán Fómhair.

Maidir le Seán Rush, cuireadh siar faoi choinneáil é agus déanfar iarratas ar bhannaí ar a shon Dé Céadaoin seo chugainn.

Tháinig ceathrar fear eile os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inné agus cúiseanna éagsúla maidir leis an agóid i mBaile Uí Ógáin curtha ina leithse chomh maith.

Sin iad Roger Long, 53 bliain, as Céide Fheirm na Cré i gCill Ghobáin, Baile Átha Cliath 18; Jordan O'Donoghue, 21 bliain, as Ascaill Bhaile Uí Ógáin i gCarraig Mhaighin, Baile Átha Cliath 18; Conor Killian, 25 bliain, as Bóthar Brighton Beag i gCarraig an tSionnaigh, Co Bhaile Átha Cliath; agus Ian Cahill, 44 bliain, as Gleann Bhaile Uí Ógáin i gCarraig Mhaighin, Baile Átha Cliath 18.

Roger Long, Jordan O'Donoghue, Conor Killian, Ian Cahill

Ceadaíodh bannaí don cheathrar fear agus tá siad le teacht os comhair na cúirte arís an mhí seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ